Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Well-Being Framework > Consultation Report

Tuarascáil Chomhairliúcháin

Tá an Rialtas tiomanta do chreat folláine cuimsitheach a fhorbairt agus is í Roinn an Taoisigh atá i gceannas ar an obair sin, atá comhurraithe ag an Roinn Airgeadais agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le tacaíocht ó Ghrúpa Oibre Idir-rannach níos leithne.

In 2021, iarradh ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta bealach a chur ar fáil chun dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, trí chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht ar cholúin comhpháirtíochta sóisialta éagsúla, agus saineolaithe agus lucht spéise seachtracha araon.  Bhunaigh an Chomhairle Grúpa Páirtithe Leasmhara agus Saineolaithe a thacaigh leis an obair sin.

Cuireadh tuarascáil Creat Folláine na hÉireann:Tuarascáil Chomhairliúcháin i dtoll a chéile bunaithe ar rannpháirtíocht agus comhairliúchán agus b’ionchur tábhachtach a bhí sa tuarascáil sin maidir le Chéad Thuarascáil an Rialtais ar Chreat Folláine d’Éirinn.

Féach ar Chomhaltacht, ToR agus Miontuairiscí Ghrúpa Páirtithe Leasmhara agus Saineolaithe an NESC

Féach an Tairseach Folláine chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscnamh an Rialtais, Creat Folláine d’Éirinn.

Follow us @NESCireland