Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive > Well-Being Framework
An Creat Folláine
I ndiaidh a cuid oibre ar Chreat Folláine na hÉireann: Tuarascáil Chomhairliúcháin, chuir an NESC tús le dara céim na hoibre chun tacú le creat folláine cuimsitheach a fhorbairt. Ar an gcéad réimse oibre sa chéim seo, tá:
- I dTreo Torthaí Bunathraitheacha: Samplaí ar mar a Leabaíodh Creataí Folláine istigh i gCeapadh Beartais. Leis an taighde seo, breathnaítear ar mar a cuireadh creataí folláine san áireamh i bpróisis buiséadaithe agus ceaptha beartais sa Nua-Shéalainn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Chomh maith leis sin, déantar iniúchadh ann ar an gcur chuige a glacadh in Éirinn faoi Torthaí Níos Fearr: Todhchaí Níos Gile – Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, 2014-2020 (TNF). Is creat beartais earnála é TNF, ach tá gnéithe istigh ann atá cosúil leis na gnéithe a bhaineann le creataí náisiúnta folláine. Bailíodh faisnéis trí léirbhreithnithe ar an litríocht agus trí agallaimh leosan a bhíonn ag obair chun na creataí folláine éagsúla a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu. Foilsíodh an tuarascáil ar an obair seo i Meitheamh 2022.
Tosóidh an NESC an obair ar Chothromas agus creataí folláine níos déanaí sa bhliain 2022:
- Rinneadh argóint i gCéad Thuarascáil an Rialtais ar Chreat Folláine d’Éirinn ‘gur úsáid thábhachtach amháin a bhainfear as an gcreat Folláine ná aithint níos córasaí a éascú i ndáil le grúpaí áirithe sa tsochaí a ndéantar neamhionannas orthu ar feadh líon gnéithe’ (lch.17).
Breithneoidh an NESC mar sin mar a d’fhéadfadh creat folláine tacú le tuiscint níos doimhne agus úr ar na fachtóirí a mbíonn neamhionannas agus míbhuntáiste mar thoradh orthu in Éirinn, agus mar is féidir an patrún leanúnach agus idirghlúine éagothroime a bhriseadh. Fiosróidh an obair seo chomh maith roinnt den leochaileacht agus neamhionannas a bhí níos soiléire le linn na paindéime.
Follow us @NESCireland