Tá tú anseo: Baile > Work Programme Archive Main Page > Digital Inclusion
Cuimsiú Digiteach
Tá an tsochaí ag athrú go mór mar thoradh ar Covid-19, agus tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) maidir leis seo. Tá TFC ag cuidiú leis an tsochaí feidhmiú go héifeachtach le teagmháil nach bhfuil chomh gar, cibé i dtéarmaí cianoibre, foghlama nó gníomhaíochta áineasa atá i gceist. Tháinig roinnt saincheisteanna fadbhunaithe chun cinn maidir le cumas chodanna éagsúla den tsochaí, den ghnó agus den rialtas dul i dteagmháil leis an todhchaí digiteach. Roimh Covid-19 bhí fianaise ann go raibh deighiltí i rochtain ar TFC ann, agus tá an phaindéim tar éis na deighiltí a mhéadú ar roinnt bealaí.
Áirítear ar na deighiltí seo: · rochtain gheografach, bhí nasc leathanbhanda seasta ag 92 faoin gcéad de theaghlaigh i mBaile Átha Cliath in 2019, i gcomparáid le 69 faoin gcéad de theaghlaigh i Lár na Tíre; · inacmhainneacht, is dócha go mbeidh grúpaí ioncaim níos ísle ag brath ar naisc dhigiteacha soghluaiste amháin, agus is lú seans go mbeidh gairis éagsúla acu chun an rannpháirtíocht leis an domhan digiteach a uasmhéadú; · scileanna, le daoine scothaosta agus iad siúd ó ghrúpaí ar ioncam níos lú a bhfuil níos lú scileanna digiteacha acu ná a chéile; agus · an gá a bhraitear i dtaobh úsáid a bhaint as an idirlíon/dearcadh i leith an idirlín, le go leor grúpaí níos sine agus grúpaí nach bhfuil an oiread scileanna acu ag meas nach bhfuil an oiread sin gá acu úsáid a bhaint as an domhan digiteach.
Tá na deighiltí seo le feiceáil i measc daoine aonair agus teaghlaigh, i measc gnólachtaí agus an phobail feirmeoireachta, agus laistigh de sheirbhísí poiblí. Ciallaíonn siad nach bhfuil grúpaí i sochaí na hÉireann agus sa gheilleagar in ann úsáid iomlán a bhaint as saol digiteach an lae inniu agus sa todhchaí. Is ábhar imní iad na saincheisteanna seo i bhfianaise a thábhachtaí atá forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha do thodhchaí an gheilleagair agus na sochaí.
Tabharfaidh an tionscadal NESC seo ar chuimsiú digiteach breac-chuntas ar mhéid na n-athruithe ar rochtain ar TFC go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, na cúiseanna leis seo, na beartais a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht in Éirinn, agus a rath go dtí seo. Féachfaidh sé ansin ar ghníomhartha nuálacha a cuireadh i bhfeidhm go hidirnáisiúnta agus in Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí seo; agus a mhéid a bhféadfaí glacadh níos leithne leo in Éirinn.
Pléifidh an dara céim den tionscadal an bealach a leagtar amach seirbhísí poiblí lena chinntiú gur féidir leis na húsáideoirí go léir iad a úsáid.
Beidh an t-ábhar a bhaileofar ar fáil le cur leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua, agus lena cur i bhfeidhm; agus leis an straitéis 10 mbliana maidir le litearthacht, uimhearthacht agus scileanna digiteacha atá á forbairt faoi láthair. Tabharfar tuarascáil don Chomhairle chun críche in Earrach 2021.
|
Follow us @NESCireland