Tá tú anseo: Baile > Secretariat Work > Covid-19 Working Paper Series

Sraith Pháipéir Oibre Covid-19

Tugann paindéim Covid-19 dúshlán sláinte poiblí agus beartas poiblí an-suntasach don tír seo, agus go deimhin don domhan ar fad. Tá NESC ar an eolas faoi seo agus tá taighde á dhéanamh acu chun cur le freagairt beartais na hÉireann. Cuirfidh sé seo leis an taighde a cuireadh i gcrích le déanaí ar aistriú eacnamaíoch, atá ábhartha do Covid-19, ag déileáil le leochaileacht fostaíochta agus ag neartú athléimneacht le linn athruithe eacnamaíocha (féach anseo). Is é aidhm na hoibre leanúnaí seo anailís thráthúil, bheacht a sholáthar do lucht déanta beartas agus do pháirtithe leasmhara eile.

Cuireann an chuid seo den láithreán gréasáin cuid den aschur ar fáil a bhaineann leis an obair seo. Mar shampla, tá an Rúnaíocht ag déanamh athbhreithniú go gníomhach ar na forbairtí beartais agus ar an litríocht is déanaí a bhaineann le Covid-19, agus ag déanamh monatóireachta ar imeachtaí i dtíortha eile i bpríomhréimsí beartais. I measc na réimsí taighde tá aistriú na hÉireann chuig téarnamh, tacaíochtaí fiontar/fostaí, athrú iompraíochta agus léargas, freagraí ar bheartas sóisialta, agus téarnamh inbhuanaithe.

De ghnáth d’úsáidfí an obair thaighde seo chun tuarascálacha an NESC a chur ar fáil, agus d’fhoilseofaí iad tar éis don Chomhairle plé mionsonraithe a dhéanamh. Trína chur i mbéal an phobail níos luaithe, táthar ag súil go gcuideoidh an taighde seo leo siúd atá ag obair anois ar fhreagairt na hÉireann ar Covid-19. Cuirfidh sé bonn eolais ar fáil freisin faoi phlé na hÉireann maidir le téarnamh ó ghéarchéim Covid-19.

I bhfianaise chineál na géarchéime, is obair idir lámha atá sa réimse seo den láithreán gréasáin agus tabharfar cothrom le dáta é go rialta ar bhealach chomh tráthúil agus is féidir.

Follow us @NESCireland